Fúinn

Osclófar Gaelscoil nua sa Chéim i 2013 faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta. Is scoil trí mheán na Gaeilge a bheidh ann a bhfuil comhoideachasúil agus a mbeidh sainspiorad ilchreidmheach aici.

Beidh an scoil nua lonnaithe i sráidbhaile Aiken. Tá An Foras Patrúnachta ag glacadh le hiarratais fós d’áiteanna sa scoil nua. Ba cheart do thuismitheoirí  a bhfuil suim acu sa scoil seo, an fhoirm iarratais a líonadh isteach.

Ba cheart do thuismitheoirí an fhoirm iarratais a líonadh isteach agus a chur sa phost chuig An Foras Patrúnachta, Bloc K3, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co Chill Dara chomh luath agus is féidir.

Thosaigh an An Foras Pátrúnachta, pátrún na scoile nua, ag déanamh feachtasaíochta d’oscailt Ghaelscoile sa Chéim i 2011 agus d’éirigh leis an bpátrún neart tacaíochta tuismitheora a fháil. Rinne An Foras Pátrúnachta iarratas ar phátrúnacht don scoil nua ansin i mí Dheireadh Fómhair, 2011.

I mí an Mhárta 2012, d’fhógair an t-Aire Oideachais & Scileanna, Ruairí Quinn,an phátrúnacht do na bunscoileanna nua a bheidh ag oscailt i mí Mheán Fómhair, 2012 agus mí Mheán Fómhair, 2013. Tá ríméad ar An Foras Pátrúnachta go mbeidh trí Ghaelscoileanna nua faoin bpátrún, sa Chéim san áireamh, a bheidh ag oscailt i 2012 agus 2013.

Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus ag an dara leibhéal. Tá 61 bunscoil agus 5 mheánscoil faoina phátrúnacht.

An Foras Pátrúnachta :: +353-1-6294110 :: eolas@foras.ie

Leave a comment

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s

%d bloggers like this: